An Cuntas, Blag nó Scéal

Beidh mé ag cur leis an leathanach seo go luath ach seo nasc go kahoot a chruthaigh mé idir an dá linn: Cleachtaí ar an gCuntas/Blag

Is féidir é a úsáid mar atá sé nó cóip a dhéanamh de agus athruithe a dhéanamh air. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as. Tá sé an-éasca kahoot a chruthú agus má tá cead ag na daltaí fóin a bheith acu sa rang, ní gá an seomra ríomhaire a chur in áirithe.

Ní raibh mé róthógtha le kahoot(aí) chun an fhírinne a rá mar de ghnáth bhí siad in úsáid agam tráthnóna Aoine nó lá roimh bhriseadh éigin. Ní raibh siad éifeachtach sa chomhthéacs sin ach oibríonn siad i bhfad níos fearr mar chleactadh ‘dáiríreach’. Chomh maith le sin, déanann an suíomh na torthaí duit. Cad faoin kahoot a úsáid mar scrúdú? Cad a bheidh cearr le sin? Ní fheicim an fhadhb; ó thaobh dearcadh an fhoghlaimeora, d’oibreodh sé go maith.

Ar bhain tú taitneamh as?

An Léamhthuiscint mar inchur

Seo ceacht a bhunaigh mé ar léamhthuiscint sa scrúdpháipéar in 2014. Tuigim nach raibh na soilse tráchta in úsáid i gceart agam. Wups! Beagán greannmhar anois. Tá an cleachtadh thuas ar an gceolchoirm an-éasca, oiriúnach mar obair bhaile nó obair neamhspleách nuair atá an múinteoir as láthair. Níl sé dúshlánach ach cothóidh sé féinmhuinín an dalta laig.

Cleachtadh ar ‘we’: briathra san aimsir chaite

Cad a rinne tú ar saoire? Sleamhnáin.

Mothúcháin agus Gluais

Timpiste ag Cluiche nó Ceolchoirm

Molann %d blagálaí é seo: