‘Calua’ le Seán Mac Mathúna

Is scéal gruama é seo; caithfidh mé a rá gur bhraith mé ciontach as an áis seo a chruthú. Roghnaigh Roinn na Gaeilge (ar scoil) ‘An tÁdh’ a dhéanamh mar ghearrscannán freisin. Na créatúir bhochta! Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh an deis ag éinne sa Roinn í a úsáid mar gheall ar bhrú an chúrsa nua ar aon chaoi.

Dá mbeadh an fonn ort rud éigean tragóideach a léamh le do dhaltaí tá sé nasctha anseo le píosa scríbhneoireachta ar thimpiste a tharla. (Macallaí láidre an tseanchúrsa ar ndóigh).

Tá fhios againn uilig faoin am seo nach cóir dúinn ‘téamaí agus mothúcháin’ a dhéanamh do na píosaí litríochta go léir ach béim a chur ar an teanga a mhúineadh. Sa dáileán seo, tá béim ar scéalaíocht san aimsir chaite (briathra, mothúcháin, gluais, nathanna), úsáid cheart na réamhfhocal agus an topaic ‘An Corp/ Sláinte’. (Beagán níos gealgháirí ná bás agus dúshaothrú an dúlra!)

Molann %d blagálaí é seo: