
Ag caint is ag comhrá
Tacaíonn an cleachtadh thíos le stór focal a threisiú. Tugann sé rogha do dhaltaí agus ar ndóigh is féidir leo a smaointe féin a chur leis. Nuair atá stór focal leathan acu ar áiteanna éagsúla, is féidir grianghrafanna nó gearrthóga YouTube a úsáid mar spreagadh cainte.

Gearrthóga YouTube
Seo gearrthóg Mr. Bean mar shampla.
Uaireanta chuirfinn stór focal ar an gclár sula seinnfinn an gearrthóg: fairsing, nua-aimseartha, plódaithe le daoine, caisléan gainimh, cultacha snámha 7rl.
Uaireanta eile thabharfainn ceisteanna dóibh: Cá raibh an t-óstán suite? Conas a bhí an aimsir? Cad a bhí ar siúl ar an trá?
Nó is féidir leosan na ceisteanna a chumadh. Braitheann na gníomhaíochtaí ar na hintinní foghlama ach níl mórán le hullmhú d’aon cheann acu. Is áis iontach í YouTube don mhúinteoir gnóthach.
Creatlach don Chárta Poist
Creatlach agus sampla don chárta poist. Idirdhealú úsáideach. Is féidir le daltaí creatlach a úsáid arís agus arís eile nó is féidir leo a gcinn féin a chruthú as cártaí poist samplacha nó fiú ina n-aonar.

Cártaí Poist le google images

Cártaí Poist le haistriú
Cártaí Poist le roghnú
Nuair atá cúpla cárta poist i ndiaidh a chéile le déanamh mar chleachtadh ar stór focal agus cruinneas, tugaim ‘rogha’ do na daltaí. Simplí ach éifeachtach!

Rúibric don Chárta Poist
Chruthaigh mé an rúibric seo nuair a bhí frustrachas orm le daltaí a d’úsáid an Ghaeilge ba bhunúsaí a bhí acu i ngach tasc. Tá a fhios agam go raibh mé ag insint bréaga i dtaobh na scrúdaithe de ach déanann sé maitheas dóibh.

An Nóta nó Ríomhphost

Teimpléad Litreach
Thabharfainn leagan amach do dhaltaí ach ceapaim féin go bhfuil sé níos fearr a gcuid féin a ullmhú. Má thugtar an deis dóibh a lán litreacha a léamh mar inchur bíonn daltaí díograiseacha lán sásta roghanna a dhéanamh agus cur lena dteimpléid féin.

Cleachtaí éagsúla
Úsáidim an dáileán seo sa chéad téarma sa dara bliain.

An Litir: Scoil Nua
Litir shamplach agus cleachtaí éagsúla chun scileanna teanga a fhorbairt.

Creatlaigh don Litir Céim 1
Chruthaigh mé na creatlaigh seo nuair a bhí mé ag iompar clainne agus bhí deacrachtaí ag an scoil múinteoir a fháil mar ionadaí. Ach bheadh na creatlaigh úsáideach dá mbeadh múinteoir as láthair, mar obair bhaile (réamhobair: féach ar an seomra ranga tiontaithe) nó fiú nuair a bhaineann na hintinní foghlama le leagan amach na litreach agus nathanna cainte amháin. (Caithfidh siad na nathanna a bhreacadh isteach) Sa dáileán seo tá cluiche ríomhaire, trioblóid ar scoil agus ag aistriú scoile mar ábhair.

Creatlaigh don Litir Céim 2
D’úsáidfinn creatlaigh san fhoirm seo ag deireadh aonaid chun stór focal áirithe a chleachtadh. Arís, tá sé úsáideach mar réamhobair, sa chás seo do cheacht scríbhneoireachta. D’iarrfainn orthu gach ceann atá ar eolas acu a líonadh agus scríobhfaimis an litir an lá dár gcionn.

Seicliostaí
Ní gá critéir ratha a bhunú ar riachtanais na scrúdaithe. Is fearr iad a chur in oiriúint do na hintinní foghlama. Thosóinn le seicliostaí an-simplí, tá an ceann seo i bhfad níos dúshlánaí ach bheadh na daltaí i gcleachtadh ar chritéir ratha a théann i méid diaidh ar ndiaidh.

Litir ó Choláiste Gaeilge
Bhain mé an úsáid as ‘animations’ sna sleamhnáin seo. Má tá ‘clicker’ agat don osteilgeoir is fiú é!

Athrá, athrá, athrá
Ní dhéanfaidís na cleachtaí seo i seachtain amháin ach anois is arís. Tá na freagraí ar fáil thíos freisin ionas gur féidir iad a chur ar líne. Ceartaíonn siad a n-obair féin ansin. Is cur amú ama é dul tríd an dáileán sa seomra ranga i mo thuairim.
