‘Yu Ming Is Ainm Dom’

Tá an scannán seo go hiontach do dhaltaí sa chéad bhliain (mura bhfuil sé feicthe acu cheana i rang a sé, tsk tsk!) Is cuimhin liom go maith an chéad uair a chonaic mé é; bhí mé sa phictiúrlann le mo dheirfiúr agus ní rabhamar ag siúl le gearrscannán Gaeilge roimh an scannán Béarla ach ní rabhamar ag gearán.

Bhí gach duine ina dtost ag féachaint air. Níl a fhios agam an raibh siad faoi dhraíocht ag an nGaeilge nó an raibh ionadh orthu Jack as Father Ted a fheiceáil ar a chiall, ach bhain mé taitneamh as an atmaisféar sa phictiúrlann chomh maith leis an scannán é féin agus ní cuimhin liom rud ar bith faoin scannán a tháinig ina dhiaidh.

Mar áis teagaisc, is iontach an acmhainn é. Tugann sé a lán deiseanna foghlama, (mar atá le feiceáil sa dáileán thíos). Tá cás Yu Ming bocht fíorábharach do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu le sealbhú teanga; tá sé éasca nasc a dhéanamh le féinfheasacht an fhoghlaimeora don tSraith Shóisearach freisin. Tugtar an deis dóibh aithne a chur ar a gcara agus iad féin a chur in aithne, ceisteanna léamhthuisceana a fhreagairt, scileanna éisteachta a chleachtadh, rólghlacadh a dhéanamh, ‘scéal an scannáin’ a scríobh agus cárta poist a chumadh ó dhearcadh Yu Ming. Is iomaí toradh foghlama atá clúdaithe ó na cúig scil; labhairt, scríobh, éisteacht, léamh agus idirghníomhú cainte.

Is iontach an bhéim ar idirghníomhú cainte; tá aithne againn go léir ar dhaltaí a bhí sásta ceisteanna a fhreagairt ach nach raibh ábalta ceist shimplí a chur ar dhalta eile. Daltaí a bhí ullmhaithe do scrúdú in ionad comhrá. Níorbh fhiú bheith ábalta leathchomhrá a dhéanamh le duine, ag brath ar an duine eile an comhrá a stiúradh. Caithfimid smacht agus úinéireacht na teanga a thabhairt do na daltaí.

Tagann sealbhú teanga as an úinéireacht seo agus ní thagann sé gan í. Má tá dalta in ann ceist a chur, beidh sé/sí in ann an cheist a thuiscint freisin ar aon chaoi. Má tá dalta in ann riail gramadaí a mhíniú, beidh sé/sí in ann botúin a cheartú. Más féidir le daltaí deacrachtaí agus constaicí foghlama a phlé go macánta leis an múinteoir, déanfaidh sé/sí iarracht mhacánta dul i ngleic leo, le cabhair an mhúinteora. Níos mó muiníne againn astu agus níos mó freagrachta orthu gan dabht. Tá na prionsabail seo le feiceáil ó thús go deireadh an dáileáin.

2 thuairim ar “‘Yu Ming Is Ainm Dom’

  1. Tháinig mé ar an lch iontach seo inniu amháin agus is áis iontach é.míle míle buíochas do chabhair agus do chineáltas ag roinnt acmhainní.tá mé chun an athrú aeráide a thosú an tseachtain seo chugainn agus tá mo réamhobair déanta agat dom. Táim fíorbhuíoch

    Moladh

    1. Tá sé iontach é sin a chloisteáil. Is leathanach nua é agus beidh mé ag cur leis. Scaip an scéal le do thoil! Tá súil agam go mbeidh beagán níos mó ama duit féin ag an deireadh seachtaine dá bharr. 😁👍

      Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: