Ted-Ed

Ted-Ed: Cleachtaí Idirghníomhacha agus Ceachtanna Idirdhealaithe.

Treoracha simplí thíos

Tá an drogall céanna orm atá ar a lán múinteoirí brath ar an teicneolaíocht sa rang nó fiú muinín a bheith agam as na daltaí a nguthán nó a ngléas féin a úsáid. Ach d’fhreastail mé ar cheardlann iontach a rinne Liz McDonald (múinteoir tíreolaíochta a bhfuil a lán taithí oiliúna aici) Dé Luain agus d’oscail sí mo shúile ar na féidearthachtaí a bheadh ann don Ghaeilge.

Ní gá ceisteanna idirghníomhacha a úsáid i mbun ranga mura bhfuil seomra ríomhaireachta saor (fadhb choitianta ar ndóigh). Ach nach mbeadh sé go hiontach le haghaidh an ‘flipped classroom’ (seomra ranga iompaithe? tiontaithe? Má tá an leagan cuí Gaeilge roghnaithe, cuir ar an eolas mé!) agus réamhléitheoireacht / réamhfhéachaint don rang go léir? Is iomaí féidearthacht atá ann don dalta lag nó dalta drogallach ach nach iontach na féidearthachtaí do na daltaí is láidre freisin?

Na rudaí is tábhachtaí faoi ná nach gá pingin a íoc as, tá sé taitneamhach agus mura gclóscríobhann tú chomh mall le seilide (seilide a bhfuil cumas riaracháin aige) sábhálfaidh sé am. Fiú mura bhfuil tú in ann clóscríobh chomh sciobtha le síota iontach ábalta, nach féidir daltaí cumasacha a gceachtanna idirghníomhacha féin a chruthú mar thionscadal? Nach féidir le daltaí laga ceann a dhéanamh le chéile (le ceartúchúin ón múinteoir).

Táimse féin ag tnúth go mór leis an áis seo a úsáid. Cad a cheapann sibhse? Cad iad na féidearthachtaí eile?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: